Business and Personal web pages from Ireland Search result

Coláiste an Phiarsaigh

Coláiste an Phiarsaigh

Gleann Maghair, Corcaigh ,
Tá sé mar chúram laethiúil orainn cabhrú, in aon slí is féidir linn, le fás iomlán gach uile dalta. Déanfaidh foireann na scoile tréan‐iarracht a chinntiú go mbeidh gach dalta fíreannach, macánta, dílis, dea‐bhéasach, iontaofa agus freagrach. Is ceart go mbeadh meas ag an dalta ar dhaoine eile, lastigh agus lasmuigh den scoil, agus ar gach a mbaineann leo. Ba cheart go mbeadh siad toilteanach obair de réir a gcumais agus go mbeadh siad eolach ar rialacha agus riachtanaisí na scoile. Is cuid lárnach de fhealsúnacht na scoile an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den scoil. Chuige sin tugann an scoil, idir mhúinteoirí agus daltaí tús áite do labhairt na Gaeilge sa scoil agus in imeachtaí uile na scoile. Tá sé riachtanach go mbeadh gach duine sásta tacaíocht ghníomhach a thabhairt dúinn san obair sin. Táimid ag súil gur féidir linn freastal go cothrom agus go cóir ar aos óg an cheantair ar shlí taitneamhach, gaelach. Bígí linn san obair.
Tel: 214821955
Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC

Ionad na Gaeilge Labhartha, UCC

G02, Áras Uí Rathaille, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Corcaigh ,
Fáilte romhat go leathanach an Ionaid